Page 48 - Tuarascáil Bhliantúil 2016
P. 48

áirítear i measc Oibriúchán eile sa Dúiche:

                •   Feabhsúcháin Slándála Ísealchostais (Feabhsúcháin Acomhal)        €45,000

                •   Cosáin – An Rae Dearg, Beile na Cúirte/Séipéal na hAbhann,
                    Ard Maighean agus Baile Uí Chonnmhaí ar chostas iomlán          €180,000

                •   4 thrasrian coisithe ar chostas                                 €120,000

                •   Fadhbanna leanúnacha maidir le draenáil a réiteach ag neart
                    suíomh ar fud na Dúiche                                         €120,000

            Cruinnithe Dúiche leis an nGarda síochána i nGuaire

            Lean oifigigh agus Comhaltaí na Comhairle de bheith ag obair agus ag forbairt caidrimh leis na
            Gardaí i nGuaire in 2016, agus chas siad lena chéile i Meitheamh agus i Samhain. Tugann na
            cruinnithe seo deis do na Comhaltaí a dtuairimí maidir le fadhbanna a chur in iúl go díreach do
            na Gardaí agus tugtar deis do na Gardaí staitisticí ar choiriúlacht agus feabhsúcháin sa dúiche srl.
            a roinnt leis na Comhaltaí.

            scéim CCTV Bhaile Ghuaire

            Seoladh Scéim CCTV Bhaile Ghuaire ar an 21 Meitheamh. Mar chuid den scéim seo, tá ocht
            gceamara nasctha le Stáisiún na nGardaí i nGuaire chun breathnóireacht fhíor-ama a éascú. Tá ról
            luachmhar ag an Scéim seo in iarrachtaí maidir le coiriúlacht a chosc agus a bhrath ar fud an bhaile.

            rabhadh Téacs naB

            D'fhógair Comhairle Contae Loch Garman tionscnamh nua
            a bhaineann le rabhadh téacsanna a sheoladh maidir le
            spásanna páirceála do dhaoine atá faoi mhíchumas. Moltar
            don phobal sa scéim phíolótach seo, tuairisciú a dhéanamh ar
             mhí-úsáid spásanna páirceála do dhaoine atá faoi mhíchumas
             trí sheirbhís téacs saor in aisce. Is iad na suímh don
             tionscnamh píolótach seo ná an Ascaill, an tSráid Mhór taobh
             amuigh de Shiopa Caife Joanne, agus Sráid McDermott,
             Guaire. Cuireadh an scéim chun cinn ar na meáin shóisialta
            le físeán greannmhar a chruthaigh Michael Wall ó KM Media
            agus is féidir breathnú air ag www.wexford.ie/nab.

            Chuir Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann fáilte mhór roimh an scéim phíolótach seo go
            náisiúnta agus chuir úsáideoirí áitiúla fáilte roimpi go háitiúil. Is é Ceantar Bardasach Ghuaire an
            chéad údarás áitiúil a chruthaigh córas SMS saor in aisce dá chuid féin chuige seo, agus ba iad
            Rannóg TF Chomhairle Contae Loch Garman, an Oifig Rochtana agus Ceantar Bardasach Ghuaire
            a d'fhorbair an tionscadal.


            Chun tuairisciú a dhéanamh ar mhí-úsáid spásanna páirceála do dhaoine atá faoi mhíchumas, seol téacs
            saor in aisce ina mbeidh an t-eolas seo a leanas chuig 51772 – nab main, nab avenue or nab mcD.

       46
            www.wexfordcoco.ie                                                      www.twitter.com/wexfordcoco
   43   44   45   46   47   48   49   50   51   52   53