Skip to main content
Home
Wexford County Council
Roghchlár
  • Aibhsithe
  • Planning
  • Leabharlanna
  • An Chomhairle ⁊ Daonlathas
  • Dramhaíl ⁊ Athchúrsáil
  • Bóithre, Taisteal ⁊ Páirceáil
  • Housing
  • Comhshaol ⁊ Athrú Aeráide
  • Motor Tax
  • Business
  • Pobal ⁊ Spóirt
  • Cultúr ⁊ na hEalaíona

Uirlisí Inrochtaineachta Mo Sheirbhísí Ar Líne 

  • English
  • Irish

Breadcrumb

  1. Abhaile
  2. Planning
  3. Rialú Forgníochta
  4. Comhairle faoin Radón

Comhairle faoin Radón

Is gás radaighníomhach é an radón a thagann ó mheath an úráiniam, rud atá i ngach carraig agus i ngach ithir. Níl dath, blas ná boladh ar an radón agus ní féidir é a thomhas ach le brathadóirí speisialta. Amuigh faoin aer, ní fadhb é an radón mar go gcaolaíonn sé go tapa go tiúchaintí neamhdhíobhálacha. Mar sin féin, nuair a théann sé isteach i spás iata, amhail teach nó foirgneamh eile, d’fhéadfadh sé carnadh go leibhéil chomh hard sin nach bhféadfaí glacadh leo.

Meathann an radón isteach ina cháithníní radaighníomhacha beaga bídeacha. Nuair a análaítear na cáithníní sin, is féidir leis an dáileog radaíochta atá iontu damáiste a dhéanamh do na cealla sna scamhóga agus an baol ailse scamhóg a mhéadú. In Éirinn, tá an radón ina chúis le thart ar 350 cás d’ailse scamhóg in aghaidh na bliana, deirtear.

Is mó seans go bhfuil fadhb radóin ag tithe i gceantair áirithe in Éirinn. Tugtar ceantair ard-radóin ar na ceantair sin. Léireoidh léarscáil riosca nuashonraithe radóin an GCC duit má tá do theach i gCeantar Ard-Radóin. Tá dath dearg ar na Ceantair Ard-Radóin.

Is furasta tástáil a dhéanamh le haghaidh an radóin agus is furasta leibhéil an radóin i do theach cónaithe a laghdú. Is é Leibhéal tagartha náisiúnta an radóin i dtithe ná 200 beicireil in aghaidh an mhéadair chiúbaigh (Bq/m3). Go hidéalach, ba chóir go mbeadh leibhéil an radóin i ngach teach faoi bhun an luacha sin. Má léiríonn tástáil radóin tiúchan radóin os cionn an luacha sin, moltar bearta feabhsúcháin chun leibhéil an radóin a laghdú.

De réir an dlí (Airteagal 66 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 30 2019) ceanglaítear ar fhostóirí atá lonnaithe i gceantair ard-radóin a n-áitreabh a thástáil le haghaidh an radóin. Is é 200 Bq/m3 an leibhéal inghlactha, nó an Leibhéal Tagartha, d’ionaid oibre in Éirinn. Má aimsítear tiúchaintí radóin os cionn an luacha sin tar éis tomhais radóin, is gá bearta feabhsúcháin a dhéanamh chun leibhéil an radóin a laghdú agus ní mór na bearta sin iad a chríochnú laistigh de 12 mhí. Seiceáil an bhfuil d’ionad oibre i gceantair ard-radóin ar ár léarscáil “Radón in Ionaid Oibre”.

Tuilleadh faisnéise

Suíomh gréasáin: www.radon.ie

Saorghlao: 1800 300 600

Ríomhphost radon@epa.ie.

Rialú Forgníochta
Comhairle faoin Radón
Treoir don Ghlacadh ar Láimh d’Fhorbairtí Cónaithe Críochnaithe
Teastas Rochtana Míchumais (TRM)
Glacadh faoi Láimh
Commencement Notices
Láithreáin Thréigthe ⁊ Folamh
Notifications of Change of Use

WCCComhairle Contae Loch Garman
Wexford County Council

Footer Menu

Show — Footer Menu Hide — Footer Menu
  • Bhaile
  • Bí i dTeagmháil
  • Do Príobháideacht
  • Polasaí Fianán
  • MapAlerter Loch Garman
  • X
  • Mo Sheirbhísí Ar Líne
  • Log In

Footer ReciteMe Link

Ráiteas Inrochtaineachta